Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Thosaigh Pól ag buaileadh ar an bhosca nuair a bhí sé 11 bliain d’aois. Bhí ceol ar thaobh a mháthar agus a athar. | 00:01:07 | |
Port a bhuaileadh ag Pól ar an bhosca. | 00:03:00 | |
Fuair a athair a chéad bhosca dó agus fuair sé ceann níos mó ansin ar £15. Tá bosca úr anois aige a chosain £2,500. Bhuail Pól agus buaileann go fóill ag céilí agus bainiseacha ar an oileán agus ar tír mór. | 00:02:10 | |
Port eile a bhuaileadh ag Pól, ríl. | 00:01:55 | |
Ag buaileadh an cheoil: níor léigh sé nóta ceoil riamh, d’fhoghlaim sé ó éisteacht leis an phort. Tagann sé leis go nádúrtha. Fuair se an dara háit san Oireachtas sna nóchaidí ag seinm ar an bhosca. Fuair ceathrar as Toraigh cuireadh go Meiriceá (Philadelphia) agus chaith siad coicís ansin. Ealaíontóirí Thoraí. Ceol agus craic. | 00:05:54 | |
Port eile a bhuaileadh ag Pól, Highland Thoraí. | 00:02:18 | |
Amhráin a bhí ag a athair a bhuaileadh ag Pól: “Thíos i Lár an Ghleanna” agus “Báidín Fheidhleimí”. | 00:02:50 | |
Port a bhuaileadh ag Pól, polka. | 00:03:12 | |
Na laethanta nuair a bhí banna ceoil Cholm Cille ar Oileán Thoraí agus ag fáil ceadúnas don chlub le biotáille a dhíol. | 00:02:50 | |